1 Labhair Íosa ansin leis na sluaite agus lena dheisceabail:
2 “Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois,
3 agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n‑oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.
4 Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire.