19 A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa?
20 Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi.
21 Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann,
22 agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti.
23 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.
24 A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.
25 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d'ainmheasarthacht.