21 Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann,
22 agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti.
23 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.
24 A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.
25 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d'ainmheasarthacht.
26 A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin.
27 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.