27 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas istigh de chnámha na marbh agus de gach salachar.
28 Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d'olcas.
29 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maisíonn sibh tuamaí na bhfíréan,
30 ag rá: ‘Dá mbeimisne suas in aimsir ár n‑aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.’
31 Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d'imir bás ar na fáithe,
32 agus líonaigí suas tomhas bhur n‑aithreacha.
33 “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?