31 Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a d'imir bás ar na fáithe,
32 agus líonaigí suas tomhas bhur n‑aithreacha.
33 “A nathracha nimhe, a sceith na bpéisteanna, conas a fhéadfaidh sibh teitheadh ó dhaorbhreith ifrinn?
34 Sin é an fáth, féach, a bhfuilim ag cur fáithe chugaibh, agus eagnaíoch, agus scríobhaithe; déanfaidh sibh cuid acu a mharú agus a chéasadh, cuid acu a sciúrsáil in bhur sionagóga agus tóir a chur orthu ó chathair go cathair,
35 chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.
36 Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.
37 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!