4 Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire.
5 Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;
6 is maith leo an chéad áit sna fleánna agus na príomhshuíocháin sna sionagóga,
7 agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.
8 Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.
9 Agus ná glaoigí bhur ‘n‑athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t‑aon Athair, an té atá ar neamh.
10 Agus fós, ná bíodh ‘múinteoirí’ á thabhairt oraibh, óir níl agaibh ach an t‑aon Mhúinteoir, an Críost.