27 ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús.
28 Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige,
29 óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
30 Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
31 “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.
32 Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair.
33 Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.