29 óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
30 Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’
31 “Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.
32 Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair.
33 Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.
34 Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.
35 Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,