6 Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’
7 D'éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí.
8 Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’
9 D'fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b'fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’
10 Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras.
11 Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’
12 Ach d'fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’