18 “Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”
19 Rinne na deisceabail de réir mar a bhí beartaithe ag Íosa dóibh, agus d'ullmhaigh siad an Cháisc.
20 Nuair a bhí an tráthnóna ann, shuigh sé chun boird in éineacht leis an dáréag deisceabal.
21 Agus le linn dóibh bheith ag ithe, dúirt: “Deirim libh go fírinneach, braithfidh duine agaibh mé.”
22 Agus ó ba mhó é a mbuaireamh, thosaigh siad, gach duine acu, ag fiafraí de: “An mise é, a Thiarna?”
23 D'fhreagair sé: “Duine a thum a lámh sa mhias i mo theannta,” ar seisean, “sin é a dhéanfaidh mé a bhrath.
24 Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”