25 D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
26 Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”
27 Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo,
28 óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.
29 Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n‑ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m'Athar.”
30 Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.
31 Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’