27 Agus thóg sé cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é ag rá: “Ólaigí uile as seo,
28 óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.
29 Deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach den sú seo na fíniúna go dtí an lá sin a n‑ólfaidh mé ina fhíon nua libhse é i ríocht m'Athar.”
30 Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.
31 Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’
32 Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”
33 Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.”