39 Chuaigh sé ar aghaidh tamall agus chaith é féin ar a bhéal agus é ag guí mar seo: “A Athair, más féidir é, gabhadh an cupa seo tharam, ach ní mar is toil liomsa ach mar is toil leatsa.”
40 Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom?
41 Bígí ag faire agus ag guí, ionas nach rachadh sibh i gcathú. Tá an spiorad fonnmhar ach tá an cholainn fann.”
42 D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”
43 Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.
44 D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.
45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.