44 D'fhág sé arís iad agus chuaigh ag guí den tríú huair ag rá na cainte céanna arís.
45 Ansin tháinig sé chun na ndeisceabal agus dúirt leo: “Codlaigí libh feasta agus glacaigí bhur suaimhneas. Seo! tá an t‑am in achmaireacht agus Mac an Duine le tabhairt ar láimh do pheacaigh.
46 Éirígí! bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.”
47 Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.
48 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”
49 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.
50 Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.