48 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”
49 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.
50 Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.
51 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de.
52 Ach dúirt Íosa leis an uair sin: “Cuir do chlaíomh ar ais ina áit féin, óir gach duine a ghlacann an claíomh is leis an gclaíomh a thitfidh sé.
53 Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m'Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?
54 Conas a chomhlíonfaí na scrioptúir, más ea, a deir gur mar seo nach foláir a bheith?”