57 An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile.
58 Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d'fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.
59 Bhí uachtaráin na sagart agus an tsainidrín ar fad ag lorg fianaise bréige in aghaidh Íosa d'fhonn é bhású,
60 ach ní bhfuair siad í in ainneoin gur tháinig an-chuid d'fhinnéithe bréige i láthair. Sa deireadh, tháinig beirt i láthair
61 agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ”
62 D'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?”
63 D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”