6 Nuair a bhí Íosa i mBeátáine, i dteach Shíomóin, an lobhar,
7 tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.
8 Agus nuair a chonaic na deisceabail é bhí míchéadfa acu: “Cén fáth an diomailt seo?” ar siad;
9 “b'fhéidir é seo a dhíol go daor agus a thabhairt do na boicht.”
10 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros don bhean? Óir is dea-obair í sín atá déanta aici orm;
11 mar bhíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, ach nílimse le bheith i gcónaí agaibh,
12 agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é.