62 D'éirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt leis: “Nach bhfuil freagra ar bith agat? Cad tá acu seo á dhearbhú ort?”
63 D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
64 Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”
65 Leis sin, stróic an t‑ardsagart a chuid éadaigh: “Tá diamhasla déanta aige!” ar seisean; “cad is gá dúinn a thuilleadh finnéithe? Sin anois an diamhasla cloiste agaibh.
66 Cad é bhur mbarúil?” Agus ba é an freagra a thug siad: “Tá an bás tuillte aige.”
67 Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é
68 ag rá: “Tairngir dúinn, a Chríost! Cé hé sin a bhuail thú?”