1 Sna laethanta sin, tháinig Eoin Baiste i láthair agus é ag seanmóir i bhfásach Iúdáia:
2 “Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
3 Ag tagairt dó seo a bhí an chaint a dúirt Íseáia fáidh:“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.’ ”
4 Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.
5 Ansin, bhí na daoine ag teacht amach chuige ó Iarúsailéim agus ó Iúdáia go léir agus ó cheantar uile na hIordáine,