10 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.
11 Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
12 Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
13 Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh.
14 Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”
15 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
16 An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.