13 Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh.
14 Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”
15 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.
16 An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air.
17 Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.”