1 Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal.
2 Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air.
3 Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”
4 Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”