11 Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.
12 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.
13 D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím
14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
15 “Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,Gailíl na gciníocha,
16 an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,chonaic siad solas mór,an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,d'éirigh solas chucu.”
17 Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”