13 D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím
14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:
15 “Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím,bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin,Gailíl na gciníocha,
16 an pobal a bhí ina suí sa dorchadas,chonaic siad solas mór,an mhuintir a chónaigh i dtír scáilmhear an bháis,d'éirigh solas chucu.”
17 Ón am sin amach, thosaigh Íosa ag seanmóir agus ag rá: “Déanaigí aithrí, mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
18 Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.
19 Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”