22 D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.
23 Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
24 Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
25 Agus lean sluaite móra é ón nGailíl, ó Dheacapoil, ó Iarúsailéim, ó Iúdáia agus ó thar an Iordáin.