5 Rug an diabhal leis ansin é isteach sa chathair naofa agus chuir sé ar bhinn an Teampaill é
6 agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa:‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobhagus iompróidh siad thú lena lámha,sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”
7 Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
8 Rug an diabhal leis arís é faoi shliabh a bhí an-ard, thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain agus a nglóir agus dúirt leis:
9 “Tabharfaidh mé iad sin uile duit ach go n‑umhlóidh tú síos do m'adhradh.”
10 Dúirt Íosa leis ansin: “Imigh leat, a Shátain! óir tá sé scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
11 Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air.