38 “Chuala sibh go ndúradh: ‘Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail.’
39 Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;
40 agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith.
41 An té a chuireann d'fhiacha ort dul aon mhíle amháin leis, gabh leis an dá mhíle.
42 An té a iarrann rud ort, tabhair dó é, agus an té arb áil leis iasacht uait, ná tabhair leis do chúl.
43 “Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’
44 Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;