14 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.
15 Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse.
16 “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
17 Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,
18 agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag d'Athair atá i láthair faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
19 “Ná cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar an talamh mar a mbíonn an leamhan agus an mheirg á mhilleadh agus na bithiúnaigh ag briseadh isteach á ghoid.
20 Cuirigí stór i dtaisce daoibh féin ar neamh mar nach mbíonn leamhan ná meirg ann chun a mhillte, ná bithiúnaigh ann chun briseadh isteach á ghoid.