25 “Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
26 “Féachaigí éanlaith an aeir: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar ná cnuasach sna sciobóil, agus tugann bhur nAthair neamhaí bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná iad sin?
27 Cé agaibh a d'fhéadfadh, le bheith ag déanamh imní, aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
28 Agus cé an fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
29 Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
30 Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh?
31 Dá bhrí sin, ná bígí go himníoch ag fiafraí: ‘Cá bhfaighimid bia, nó deoch, nó éadach?’