4 ach do dhéirc a bheith faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
5 “Mar an gcéanna nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí ar nós na mbréagchráifeach, mar is breá leo siúd seasamh suas sna sionagóga nó ag cúinní na sráideanna agus guí a dhéanamh mar a mbeidh radharc ag cách orthu. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
6 Ach tusa, nuair a bhíonn tú chun guí, téigh isteach i do sheomra, dún an doras ort féin, agus guigh chun d'Athar atá ansiúd faoi choim. Feiceann d'Athair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.
7 “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de mar a dhéanann na págánaigh; samhlaíonn siad seo, dá mhéad a gcaint, gurb ea is dóichí go n‑éistfear leo.
8 Ná déanaigí aithris orthu; mar is eol do bhur nAthair na nithe a theastaíonn uaibh sula n‑iarrann sibh air iad.
9 Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí:Ár nAthair, atá ar neamh,go naofar d'ainm;
10 go dtaga do ríocht;go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.