15 “Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.
16 Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin?
17 Sa chaoi chéanna, tugann gach crann maith torthaí fónta uaidh, ach tugann an drochchrann drochthorthaí.
18 Ní féidir don chrann maith drochthorthaí a thabhairt, ná don drochchrann torthaí fónta a thabhairt.
19 Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é.
20 Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.
21 “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m'Athar atá ar neamh.