12 ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”
13 Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.
14 Ar dhul isteach i dteach Pheadair dó, chonaic Íosa máthair chéile Pheadair ina luí sa leaba agus an fiabhras uirthi.
15 Chuir sé a lámh ar a láimh, d'fhág an fiabhras í, d'éirigh sí agus rinne sí freastal air.
16 Nuair a bhí an tráthnóna ann, thug siad chuige mórán a raibh deamhain iontu, agus thiomáin sé na spioraid amach lena fhocal, agus iad seo uile a bhí tinn leigheas sé iad,
17 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh: “Thóg sé ár n‑éagruais, agus d'iompair sé ualach ár ngalar.”
18 Nuair a chonaic sé slua ina thimpeall, d'ordaigh Íosa dul go dtí an taobh thall.