13 agus nuair a shroich siad í, chuaigh siad suas go dtí an seomra a bhí in uachtar an tí, a mbídís ag fanacht ann, mar atá Peadar agus Eoin agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalón agus Matha, Séamas mac Alfaeus agus Síomón an díograiseoir agus Iúdás mac Shéamais.
14 Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo.
15 Ba sna laethanta úd a d'éirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé,
16 “A bhráithre, b'éigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa.
17 Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne.
18 (Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as.
19 Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.)