1 Nuair a tháinig lá na Cincíse, bhí siad uile go léir i gcuideachta a chéile in áit amháin.
2 Agus tháinig fuaim ó neamh mar shéideán gaoithe móire, agus bhí an teach a raibh siad ina suí ann lán de ghlór na gaoithe.
3 Agus chonacthas dóibh mar a bheadh teangacha tine ann, agus iad á ndealú ó chéile agus ag tuirlingt ar an uile dhuine acu.
4 Agus líonadh den Spiorad Naomh iad uile go léir, gur thosaigh ar labhairt i dteangacha éagsúla, mar a thug an Spiorad urlabhra dóibh.
5 Anois bhí Giúdaigh ina gcónaí in Iarúsailéim, lucht crábhaidh as gach cine dá bhfuil faoi spéartha neimhe.
6 Agus chruinnigh an slua leis an bhfuaim sin, agus bhí mearbhall orthu, mar chuala gach duine acu iad ag labhairt ina theanga dhúchais.
7 Agus bhí iontas agus alltacht orthu, agus dúirt siad, “Nach Galailéigh na fir seo uile atá ag caint?
8 Agus conas a chluineann gach duine againn a theanga dhúchais féin?
9 Idir Phartaigh agus Mhédaigh agus Elamítigh agus lucht áitrithe Mhesopotamia, agus daoine as Iúdaea agus Cappadócia, Pontas agus an Áise,
10 Phrigia agus Pamfilia, as tír na hÉigipte agus na codanna seo de Libia is le Círéné, agus cuairteoirí ón Róimh, idir Ghiúdaigh agus phroselítigh,
11 Chretigh agus Arabaigh, cluinimid uile go léir iad ag insint inár dteangacha féin faoi mhórfhearta Dé.”
12 Agus bhí iontas agus alltacht orthu uile, agus iad ag fiafraí dá chéile, “Cad é is ciall dó seo?”
13 Ach dúirt cuid eile de na daoine go magúil, “Tá siad i ndiaidh iad féin a líonadh d'fhíon úr.”
14 Ach sheas Peadar amach, é féin agus an t‑aon duine dhéag leis, agus labhair sé leo i nglór ard, “A fheara Iúdaea agus a lucht áitrithe Iarúsailéim uile, tugaim seo le fios daoibh, agus tugaigí éisteacht do mo bhriathra.
15 Mar níl na fir seo ar meisce, mar a shíleann sibh, ó nach bhfuil ann ach an tríú huair den lá;
16 ach is é seo an ní ar labhair an fáidh Ióel air:
17 ‘Nochtann Dia a dtarlóidh i laethanta deiridh an domhain,go ndoirtfidh mé mo Spiorad ar an Ádhamhchlann uile,agus beidh bhur gclann mhac agus iníonacha ag déanamh fáistine,agus beidh aislingí le feiceáil ag bhur bhfir óga,agus brionglóidi ag bhur seandaoine;
18 beidh, agus beidh mise ag doirteadh mo Spioraidar mo mhoghaí agus ar mo chumhla sna laethanta úd;agus déanfaidh siad fáidheadóireacht.
19 Agus taispeánfaidh mé na hiontais i spéartha neimheagus na comharthaí ar an talamh thíos,fuil, agus tine, agus néalta deataigh;
20 déanfar dorchadas den ghrianagus fuil den ghealach,roimh theacht lá an Tiarna,an lá mór lán soiléir.
21 Agus is amhlaidh a shlánófar gach uile dhuine dánglaonn ar an Tiarna ina ainm.’
22 “A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo uaim: ba dhuine dearscnaithe é Íosa as Nasair, mar thaispeáin Dia tríd na mórfhearta agus na hiontais agus na comharthaí a d'oibrigh Dia tríd in bhur measc, mar atá fhios agaibh féin—
23 agus ghlac sibh an tÍosa sin de réir an rúin dhiongbháilte agus an réamheolais a bhí ag Dia, agus chéas sibh agus d'imir sibh bás air le lámha nár ghéill don dlí.
24 Ach is amhlaidh a thóg Dia é, agus scaoil sé arraingeacha an bháis, ó nárbh fhéidir don bhás greim a choinneáil air.
25 Mar is é a deir Dáibhí ina thaobh,‘Chonaic mé an Tiarna os mo choinne go síor,mar bíonn sé agam ar thaobh mo láimhe deise ionas nach gcorrófar mé;
26 mar sin bhí áthas ar mo chroí agus lúcháir i mo theanga;agus beidh dóchas ag mo cholainn ag dul i luí.
27 Mar ní fhágfaidh tú m'anam i Háidéas,agus ní ligfidh tú do do Naomhsa truailliú a fheiceáil.
28 Thaispeáin tú cosáin na beatha dom;líonfaidh tú le háthas mé le bheith i do láthair.’
29 “A bhráithre, féadtar a rá i dtaobh an uasalathar Dáibhí gur scéal cinnte é go bhfuair sé bás agus gur adhlacadh é, agus go bhfuil a thuama againn go dtí an lá inniu.
30 Ach bhí sé ina fháidh eolais, agus bhí a dhea-fhios aige go raibh mionnaithe ag Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ina shuí ar a ríchathaoir,
31 agus chonaic sé aiséirí Chríost roimh ré agus is air a labhair sé, á rá nár fágadh i Háidéas é, agus nach bhfaca a cholainn an truailliú.
32 Tá an tÍosa sin tógtha ó mhairbh ag Dia, agus táimid uile inár bhfinnéithe air.
33 Ardaíodh mar sin é go láimh dheas Dé, agus ghlac sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta aige, agus is é a dhoirt anuas a bhfuil le cluinstin agus le feiceáil agaibhse.
34 Mar ní dheachaigh Dáibhí é féin in airde go neamh ach deir sé féin faoi,‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, Suigh ar mo láimh dheas,
35 go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
36 Bíodh fios cinnte ag teaghlach uile Iosrael go bhfuil Críost agus Tiarna déanta ag Dia den Íosa sin a rinne sibh a chéasadh.”
37 Anois nuair a chuala siad sin, chuaigh an arraing trína gcroíthe, gur fhiafraigh siad de Pheadar agus den chuid eile de na haspail, “A bhráithre, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”
38 Agus is é a dúirt Peadar leo, “Déanadh gach duine agaibh aithrí, agus glacadh sé le baisteadh in ainm Íosa Críost le haghaidh mhaithiúnas bhur bpeacaí; agus gheobhaidh sibh tíolacadh an Spioraid Naoimh.
39 Mar is daoibhse a gealladh é agus do bhur gclann agus dá bhfuil i bhfad i gcéin, don uile dhuine a ghlaonn ár dTiarna Dia chuige.”
40 Agus is iomaí briathar eile a labhair sé, ag tabhairt fianaise agus á ngríosú, agus dúirt sé, “Tagaigí slán amach as an nglúin seo na caime.”
41 Baisteadh mar sin an méid acu a ghlac lena bhriathar, agus cuireadh faoi thrí mhíle anam sa bhreis leo an lá céanna.
42 Agus chloígh siad go dúthrachtach le teagasc agus le cumann na n‑aspal, agus le briseadh an aráin agus leis na paidreacha.
43 Agus thit eagla ar gach uile anam; agus is iomaí iontas agus comhartha a oibríodh trí lámha na n‑aspal.
44 Agus bhí lucht an chreidimh in aontíos agus i gcomhsheilbh le chéile;
45 agus dhíolaidís a maoin agus a maitheas saolta agus roinnidís le gach duine iad, de réir mar a bhí riachtanas air.
46 Agus bhídis ó lá go chéile ag taithí theampall Dé i gcuideachta a chéile agus ag briseadh aráin sa bhaile, agus ag blaiseadh a mbia le lúcháir agus le féile chroí,
47 ag tabhairt moladh do Dhia, agus ag fáil ghnaoi na ndaoine uile. Agus bhí an Tiarna ó lá go lá ag cur leo as an méid a raibh an slánú geallta dóibh.