Gníomhartha 12 OC1970

1 Ba faoin am úd a fuair an rí Iorua cuid de bhaill na heaglaise ina chrúba agus a thug sé drochíde dóibh.

2 D'imir sé bás ar Shéamas deartháir Eoin leis an gclaíomh;

3 agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín.

4 Nuair a bhí sé gafa aige, chaith sé i bpríosún é, agus chuir sé ceithre cheathrar saighdiúirí mar gharda air, gach ceathrar ar a seal, agus é ar intinn aige a thabhairt amach chuig na daoine i ndiaidh na Cásca.

5 Bhí Peadar mar sin faoi choimeád sa phríosún; ach bhí an eaglais ag guí Dé go dian dúthrachtach ar a shon.

6 An oíche roimh an lá sin a raibh Iorua ar tí a thabhairt amach, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúir, agus dhá shlabhra á cheangal, agus na coimeádaithe os coinne na ndoirse agus iad ag coimeád an phríosúin;

7 agus b'shiúd aingeal ó Dhia á nochtadh, agus an solas ag lonradh sa chillín, agus bhuail sé bos ar thaobh Pheadair á mhúscailt, agus dúirt sé leis, “Éirigh i do shuí go tapaidh,” agus thit na slabhraí dá lámha.

8 Agus dúirt an t‑aingeal leis, “Cuir ort do chuid éadaí agus do choisbheart.” Agus rinne sé amhlaidh. Agus dúirt sé leis, “Fill d'fhallaing tharat agus tar i mo shála.”

9 Agus chuaigh sé amach ina dhiaidh; ní raibh fhios aige gurbh fhíor é a ndearna an t‑aingeal, ach é ag sileadh gurbh aisling í a bhí á feiceáil aige.

10 Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. D'oscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus d'fhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é.

11 Nuair a tháinig Peadar chuige féin dúirt sé ina intinn, “Aithním anois gur scéal cinnte é go bhfuil an Tiarna tar éis a aingeal a chur uaidh agus mé a tharrtháil ó láimh Iorua agus óna raibh faoi mo choinne ag an gcine Giúdach.”

12 Nuair a bhí sin tuigthe go beacht aige, tharraing sé ar theach Mhuire, máthair Eoin dár chomhainm Marcas, áit ina raibh slua mór cruinnithe le chéile agus iad ag urnaí.

13 Agus nuair a bhuail sé cnag ar chomhla gheata na cúirte, tháinig cailín a raibh Róda mar ainm uirthi aniar.

14 Nuair a d'aithin sí glór Pheadair, níor oscail sí an geata le méid a lúcháire roimhe, ach rith sí isteach le hinsint go raibh Peadar ina sheasamh os comhair an gheata.

15 Dúirt siad léi, “Is ar mire atá tú.” Ach dhearbhaigh sise go raibh amhlaidh. Dúirt siad ansin, “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann.”

16 Ach mhair Peadar leis ag bualadh; agus d'oscail siad an doras go bhfaca siad é agus go raibh dubhiontas orthu.

17 Ach bhagair sé a lámh orthu le bheith ina dtost, agus d'inis sé tríd síos dóibh conas a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. Agus dúirt sé, “Inis an méid sin do Shéamas agus do na bráithre.” D'imigh sé as ansin go hionad eile.

18 Ansin, nuair a ghealaigh an lá, bhí corraí nár bheag ann i measc na saighdiúirí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é a d'éirigh do Pheadar.

19 Agus nuair a chuardaigh Iorua é gan a thásc ná a thuairisc a fháil, chuir sé céasadh ar na saighdiúirí le heolas a bhaint astu agus thug sé ordú a gcur chun báis. Chuaigh sé síos ansin ó Iúdaea go Caesaríá, agus d'fhan ansin.

20 Anois bhí Iorua i bhfeirg le muintir Thiora agus Shiodóin; agus tháinig siad uile le chéile ina láthair, agus mheall siad leo Blastus, maor theaghlach an rí, agus d'agair siad é faoi shíocháin, ó bhí a dtírsean taobh le tír an rí le haghaidh a soláthar bia.

21 Agus ar an lá a bhí ainmnithe, chuir Iorua a fheisteas ríoga air féin, agus chuaigh sé ina shuí ar a ríchathaoir gur thug sé óráid dóibh.

22 Agus ghlaoigh na daoine os ard, “Ní glór daonna é ach glór dé!”

23 Bhuail aingeal ón Tiarna buille air, ó nár thug sé an ghlóir do Dhia; agus bhí sé á chreimeadh ag cnumhóga gur éag sé.

24 Ach bhí fás agus méadú ar bhriathar Dé.

25 Agus d'fhill Barnabas agus Sáúl ó Iarúsailéim nuair a bhí a ngnóthaí déirciúla déanta acu, agus thug siad leo Eoin dár chomhainm Marcas.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28