1 Nuair a tháinig Festus go dtí an cúige a bhi faoi, chuaigh sé suas tar éis tri lá ó Chaesaríá go hIarúsailéim.
2 Agus rinne ardsagairt agus maithe na nGiúdach scéal ar Phól leis; agus d'iarr siad
3 mar impí agus mar achainí air é a chur uaidh go hIarúsailéim, agus iad ag déanamh luíocháin roimhe lena mharú ar an mbealach.
4 D'fhreagair Festus go raibh Pól á choinneáil i gCaesaríá, agus go raibh sé ar intinn aige féin dul ansin roimh i bhfad.
5 “Mar sin,” ar seisean, “téadh an lucht atá i gceannas eadraibh síos i mo chuideachta, agus má tá aon rud as an tslí déanta aige, cuiridís cúis air.”
6 Nuair nach raibh ní ba mhó ná a hocht nó a deich de laethanta caite aige ina measc, chuaigh sé síos go Caesaríá; agus lá arna mhárach shuigh sé ar bhinse an bhreithiúnais agus d'ordaigh Pól a thabhairt i láthair.
7 Agus nuair a tháinig sé, sheas na Giúdaigh a tháinig anuas as Iarúsailéim thart timpeall air, agus luaigh siad mórán coireanna troma nár fhéad siad a gcruthú ina aghaidh.
8 Dúirt Pól á chosaint féin, “Níl an choir is lú orm in aghaidh dhlí na nGiúdach, ná in aghaidh an teampaill ná in aghaidh Chaesair.”
9 Ach ó ba mhian le Festus gnaoi na nGiúdach a fháil, d'fhiafraigh sé de Phól, “An bhfuil tú toilteanach le dul suas go hIarúsailéim, go gcuirtear cúirt ort os mo chomhairse i dtaobh na gcúiseanna seo?”
10 Ach is é a dúirt Pol, “Tíim i mo sheasamh os coinne bhinse Chaesair, agus sin an áit is cóir cúirt a chur orm; tá a dhea-fhios agat féin nach bhfuil aon dochar ná dolaidh déanta agam ar na Giúdaigh.
11 Más coirpeach mé nó má tá aon ní déanta agam a thuilleas bás, níl mé ag iarraidh éalú ón mbás; ach mura bhfuil aon bhun lena gcuireann siad i mo leith, ní fhéadann duine ar bith mé a chur ina lámha. Cuirim m'achomharc ar Chaesar.”
12 D'fhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú d'achomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.”
13 Anois, tamall de laethanta ina dhiaidh sin, tháinig Agrippa an rí agus Berníce go Caesaríá le forbhfáilte roimh Fhestus.
14 Agus ó chaith siad tamall maith de laethanta ann, luaigh Festus cúrsaí Phóil leis an rí, agus ar seisean, “Tá fear ann ar fhág Felix sa phríosún é;
15 agus nuair a bhí mé in Iarúsaléim, rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach scéal air, agus d'iarr siad breithiúnas a thabhairt air.
16 Ba é mo fhreagra nár ghnách leis na Rómhánaigh aon duine a thabhairt uathu go mbíonn faill ag an gcúisí amharc idir dhá shúil ar lucht a gcúisithe, agus faill aige é féin a chosaint ar a gcuirtear ina leith.
17 Mar sin nuair a tháinig siad le chéile anseo ní dhearna mé aon mhoill, ach chuaigh mé i mo shuí ar an mbinse agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt i láthair.
18 Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo;
19 mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo.
20 Ó chuaigh díom a thuiscint conas a d'fhéadfaí ceisteanna mar sin a mhion-scrúdú, d'fhiafraigh mé de an raibh sé toilteanach le dul suas go hIarúsailéim go gcuirtí cúirt air ansin ina dtaobh.
21 Ach nuair a chuir Pól isteach achomharc a bheith á choinneáil sa phríosún go dtabharfadh an t‑impire breithiúnas ar a chás, d'ordaigh mé é a choinneáil go dtí go bhféadfainn a chur uaim chuig Caesar.”
22 Arsa Agrippa le Festus, “Ba mhaith liom an fear a chluinstin le mo chluasa féin.” Agus d'fhreagair seisean, “Cluinfidh tú amárach é.”
23 Mar sin tháinig Agrippa agus Berníce le mustar mór, agus chuaigh siad isteach i halla na héisteachta, iad agus na treabhainn mhíleata agus lucht chéimíocht na cathrach. Tugadh Pól i láthair ansin le hordú Fhestuis.
24 Agus dúirt Festus, “A Rí Agrippa agus a lucht éisteachta uile, feiceann sibh romhaibh an fear sin ar chuir an cine Giúdach uile achainí orm ina thaobh in Iarúsailéim agus anseo, agus iad ag scairteadh os ard nár chóir ligean dó bheith beo.
25 Ach ní fhacthas domsa rud ar bith a thuill an bás a bheith déanta aige; agus ó chuir sé féin isteach achomharc don impire, shocraigh mé féin ar é a chur chuige.
26 Ach níl aon ní áirithe agam lena scríobh chuig mo thiarna ina thaobh. Dá bhrí sin thug mé os bhur gcoinne é, agus go háirithe os do choinne, a Rí Agrippa, ionas go gcuirimid scrúdú air, agus go mbeidh rud éigin agam lena chur i scríbhinn.
27 Mar feictear domsa gur díchéillí an gníomh é príosúnach a chur uaim gan na cúiseanna a chuirtear ina éadan a nochtadh.”