1 Agus d'fhiafraigh an t-ardsagart de, “An fíor sin?”
2 Agus is é a dúirt Stiofán: “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí le mo bhriathra. Nocht Dia na glóire é féin dár n-athair Abracham, nuair a bhi sé i Mesopotámia, sula ndeachaigh sé a chónaí i Hárán,
3 agus dúirt sé leis, Imigh leat as do thír dhúchais agus fág do mhuintir agus tar ort go tír a thaispeánfaidh mé duit.’
4 D'imigh sé ansin as tír na gCaldéach, agus bhi cónaí air i Hárán. Agus nuair a fuair a athair bás, thug Dia air dul ar imirce chun na tíre seo a bhfuil sibh in bhur gcónaí inti;
5 ach níor thug sé aon oidhreacht dó inti, go fiú leithead troighe, ach gur gheall sé go dtabharfadh sé dó é mar sheilbh aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh, cé nach raibh muirear ar bith aige go fóill.
6 Agus labhair Dia leis mar seo, ag rá go mbeadh a shliochtsan ina gcoigrígh i dtír a bheadh ag cine eile, a dhéanfadh daoir díobh agus a thabharfadh drochíde dóibh i rith ceithre chéad bliain.
7 ‘Ach tabharfaidh mé breithiúnas ar an náisiún a bhfuil siad i ndaoirse acu,’ arsa Dia, ‘agus ina dhiaidh sin imeoidh siad as sin agus tabharfaidh siad adhradh dom san áit seo.’
8 Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha.
9 “Agus bhí éad ar na huasalaithreacha le hIósaf, agus dhíol siad é le bheith ina dhaor san Éigipt; ach bhí Dia leis,
10 agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile.
11 Tháinig gorta ansin ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanáin, agus anró mór, agus ní raibh aon bhia le fáil ag ár n‑aithreacha.
12 Ach nuair a chuala Iácób go raibh an t‑arbhar le fáil san Éigipt, chuir sé ár n‑aithreacha ar shiúl an chéad uair.
13 Agus ar an dara cuairt dóibh, chuir Iósaf é féin in aithne dá dheartháireacha, agus fuair Pharaó fios ar cé ar díobh é Iósaf.
14 Agus chuir Iósaf fios ar a athair Iácób agus ar a dhaoine muinteartha uile chuige, cúig déag agus seasca a líon;
15 agus chuaigh Iácób síos chun na hÉigipte. Agus fuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha,
16 agus tugadh a gcoirpsean ar ais go Secem gur adhlacadh iad sa tuama a bhí ceannaithe ar shuim airgid ó chlann Hamór i Secem.
17 “Ach nuair a bhí an t‑am ag teacht i bhfogas leis an ngealltanas, a dheonaigh Dia d'Abracham, a chomhlíonadh, tháinig méadú agus mórfhás ar an gcine is againne san Eigipt
18 go dtí gur éirigh rí eile san Éigipt nach raibh aithne aige ar Iósaf.
19 D'imir seisean cleas fealltach ar an gcine is againne agus chuir sé d'iallach ar ár sinsir a gclann óg a chaitheamh amach ionas nach mairfidís ina mbeatha.
20 Ba san am sin a tháinig Maois ar an saol, agus é ina leanbh álainn i súile Dé. Agus fuair sé tógáil agus tabhairt suas ar feadh trí mhí i dteach a athar;
21 agus nuair a caitheadh amach é, ghlac iníon Pharaó leis mar mhac uchta agus thug sí aire mháthar dó.
22 Agus múineadh eagna uile na nÉigipteach do Mhaois, agus ba mhór iad a bhriathra agus a ghníomhartha.
23 “Nuair a bhí sé in aois a dhaichead bliain, tháinig sé ina chroí cuairt a thabhairt ar a bhráithre, ar chlann mhac Iosrael.
24 Agus nuair a chonaic sé an éagóir a rinneadh ar dhuine acu, chosain sé an té a ndearnadh an t‑ansmacht air ag bualadh buille ar an Éigipteach.
25 Shil sé gur thuig a bhráithre go raibh Dia á bhfuascailt lena láimhsean, ach ní raibh an tuiscint sin acu.
26 Agus an lá ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin doíbh nuair a bhí siad in achrann agus thug sé iarraidh ar shíocháin a dhéanamh eatarthu, á rá, ‘A fheara, nach bráithre sibh, cad chuige a ndéanann sibh éagóir ar a chéile?’
27 Ach bhrúigh an fear a rinne an éagóir ar a chomharsa i leataobh é, agus d'fhiafraigh sé de, Cé a chuir thusa mar rialtóir nó mar bhreitheamh os ár gcionn?
28 An bhfuil sé fút mise a mharú mar an tÉigipteach a mharaigh tú inné?’
29 Nuair a chuala Maois an t‑aisfhreagra sin theith sé leis, agus bhí sé ina dheoraí i dtír Mhidian, áit ar ghin sé beirt mhac.
30 “Ansin, nuair a chuaigh daichead bliain thart, nocht an t‑aingeal os a choinne i mbladhaire tine i measc toim i bhfásach Shliabh Shínáí.
31 Nuair a chonaic Maois é rinne sé iontas den radharc sin; agus nuair a dhruid sé leis le bheith ag féachaint air, cluineadh glór an Tiarna,
32 Is mé Dia d'aithreacha, Dia Abrachaim agus Íosóig agus Iácóib.’ Agus chuaigh Maois ar aon bharr creatha agus níor lig an eagla dó amharc air.
33 Agus dúirt an Tiarna leis, ‘Bain díot do choisbheart, mar is talamh naofa é an áit a bhfuil tú i do sheasamh.
34 Ná bíodh amhras ort nach bhfaca mé an ainíde atá á himirt ar mo mhuintirse san Éigipt agus nár chuala mé a n‑éamh, agus nach bhfuil mé i ndiaidh teacht anuas lena bhfuascailt. Agus tar anois go gcuire mé uaim chun na hÉigipte thú.’
35 “Is é an Maois sin, ar dhiúltaigh siad dó, agus ar fhiafraigh siad de, ‘Cé a chuir thusa i do rialtóir agus i do bhreitheamh? a chuir Dia uaidh mar cheannasaí agus mar fhuascailteoir le láimh an aingil a nocht sa tom.
36 Sheol seisean amach iad, i ndiaidh é iontais agus comharthaí a oibriú san Éigipt agus ag an Muir Rua, agus san fhásach i rith daichead bliain.
37 Is é sin an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael, Ardóidh Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d ardaigh sé mise.’
38 Is eisean a bhíodh sa chomhthionól ar an bhfásach i gcuideachta an aingil a labhair leis ar Shliabh Shínáí, agus i gcuideachta ár n‑aithreacha; agus tugadh beo-chéalmhaine dósan lena dtabhairt dúinne.
39 Dhiúltaigh ár n‑aithreacha umhlú dó, agus bhrúigh siad i leataobh é, agus thiontaigh siad aniar ar ais chun na hÉigipte ina gcroíthe,
40 nuair a dúirt siad le hÁrón, Déan lámhdhéithe dúinn a ghluaisfeas romhainn; mar níl a fhios againn cad é a d'éirigh don Mhaois seo á sheol amach as tír na hÉigipte sinn.’
41 Agus rinne siad lao sna laethanta úd, agus d' ofráil siad íobairt don íol agus chuir obair a lámh féin áthas orthu.
42 Ach thiontaigh Dia agus thug sé uaidh iad le hadhradh a thabhairt do shlua neimhe, mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe:‘Nár ofráil sibh ainmhithe marbha agus íobairtí dom,ar feadh daichead bliain ar an bhfásach, a theaghlaigh Iosrael?
43 Agus d'ardaigh sibh pailliún Mholoc,agus réalta an lámhdhé Refán,na dealbha a rinne sibh lena n‑adhradh;agus aistreoidh mise go dtí an taobh thiar den Bhabalóin sibh.’
44 “Bhí pailliún na fianaise ag ár n‑aithreacha ar an bhfásach, mar a d'ordaigh an té a labhair le Maois dó a dhéanamh, de réir an mhúnla a bhí feicthe aige.
45 Thug an ghlúin dár n‑aithreacha a tháinig ina dhiaidh sin isteach é le hIósua nuair a bhain siad an tír de na ciníocha a ruaig Dia amach roimh ár n‑aithreacha. Mhair sé mar sin go dtí laethanta Dháibhí,
46 a raibh gnaoi air i súile Dé agus a d'iarr cead air áit bhuan chónaithe a fháil amach i gcomhair Dhia Iácóib.
47 Ach ba é Solamh a thóg áras tí dó.
48 Ní lúide ní chónaíonn an Té is Airde i dtithe lámhdhéanta; mar a deir an fáidh,
49 ‘Is é an neamh mo ríchathaoir,agus is é an talamh an stól faoi mo chosa,cad é an teach a thógfas sibh dom, a deir an Tiarna,agus cá bhfuil an áit a dté mé faoi shuaimhneas?
50 Nach í mo lámhsa a chruthaigh iad seo uile?’
51 “A mhuintir úd an mhuiníl righin, a lucht a bhfuil bhur gcroíthe agus bhur gcluasa gan timpeallghearradh, bíonn sibh go buan ag cur in éadan an Spioraid Naoimh. Mar a rinne bhur n‑aithreacha, mar an gcéanna a dhéanann sibhse.
52 Cá bhfuil sé, an fáidh nár chuir bhur n‑aithreacha géar-leanúint air? Agus mharaigh siad an dream a réamhfhógair teacht an Fhíréin, a bhfuil sibhse tar éis feall agus dúnmharú a imirt air,
53 a mhuintir úd a ghlac leis an dlí a chuir na haingil romhaibh agus nár umhlaigh dó.”
54 Anois nuair a chuala siad an méid sin, bhí fearg bhuile orthu, agus bhain siad díoscán as a gcarr ina éadan.
55 Ach bhí sé féin líonta den Spiorad Naomh, agus d'amharc sé in airde sna flaithis go bhfaca sé glóir Dé, agus Íosa ina sheasamh ar dheasláimh Dé;
56 agus dúirt sé, “Féachaigí, feicim na flaithis ar oscailt, agus feicim Mac an duine ina sheasamh ar dheasláimh Dé.”
57 Ach thóg siad gáir agus thug siad an chluas bhodhar dó agus thug siad ruathar air uile le chéile.
58 Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air.
59 Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.”
60 Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air.