1 Ach an méid a bhain le Sáúl, shéid air go fóill ag bagairt dochar agus dúnmharú dheisceabal an Tiarna, agus chuaigh sé go dtí an t‑ardsagart
2 gur iarr air litreacha a scríobh chuig sionagóga na Damaisce, ag údarú dó daoine ar bith dá bhfaigheadh sé, bíodh siad ina bhfir nó ina mná, a chloígh leis an gCúrsa, a dtabhairt leis i ngeimhle go hIarúsaléim.
3 Ansin nuair a bhí sé ar a aistear agus e ag druidim leis an Damaisc, tháinig solas lonrach go tobann ina thimpeall.
4 Thit sé leis sin go talamh, agus chuala sé an glór á rá leis, “A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna orm?”
5 Agus ar seisean, “Cé tú féin, a Thiarna?” Agus dúirt seisean, “Is mise Íosa, a mbíonn tú ag déanamh géarleanúna air;
6 ach éirigh i do sheasamh agus gabh isteach sa chathair, agus inseofar duit cad é a bheas le déanamh agat.”
7 D'fhan a chomhthaistealaithe gan labhairt, ó chuala siad fuaim an ghlóir gan aon duine a fheiceáil.
8 D'éirigh Sáúl den talamh; agus nuair a osclaíodh a shúile, níor fhéad sé ní ar bith a fheiceáil; mar sin treoraíodh isteach chun na Damaisce é ar ghreim láimhe.
9 Agus d'fhan sé i rith trí lá gan amharc na súl aige, agus gan é ag ithe ná ag ól.
10 Anois bhí deisceabal sa Damaisc a raibh Ananias mar ainm air. Dúirt an Tiarna leis in aisling, “A Ananias.” Agus ar seisean, “Seo anseo mé, a Thiarna.”
11 Agus dúirt an Tiarna leis, Éirigh agus gabh go dtí an tsráid a dtugtar An tSráid Dhíreach air, go teach Iúdáis agus cuir tuairisc fir as Tarsus a bhfuil Sáúl mar ainm air; mar b'shiúd ag guíodóireacht é,
12 agus é i ndiaidh fear darb ainm Ananias a fheiceáil ag teacht isteach agus ag leagan a lámh air ionas go bhfaighe sé amharc na súl arís.”
13 Ach ba é a d'fhreagair Ananias, “A Thiarna, chuala mé ó mhórán i dtaobh an duine sin, cad é an scrios atá déanta aige ar do naoimh atá in Iarúsailéim;
14 agus tá údarás aige anseo ó na hardsagairt chun gach duine dá ngaireann ar d'ainm anseo a cheangal.”
15 Ach is é a dúirt an Tiarna leis, “Imigh, mar is soitheach tofa agam féin é le m'ainm a iompar os comhair na nGintlithe agus na ríthe agus os comhair chlann Iosrael;
16 mar nochtfaidh mé dó an méid a chaithfeas sé a fhulaingt mar mhaithe le m'ainmse.”
17 Mar sin d'imigh Ananias go ndeachaigh isteach chun an tí. Agus leag sé a lámha air agus dúirt sé, “A Sháúl, a bhráthair liom, is é an Tiarna losa, a nocht duit ar do bhealach go dtí seo, a chuir chugat mé ionas go bhfaighe tú amharc do shúl agus go líontar den Spiorad Naomh thú.”
18 Agus leis sin thit mar a bheadh lanna dá shúile agus fuair sé amharc na súl arís. D'éirigh sé ansin, agus baisteadh é,
19 agus chaith sé bia agus neartaíodh leis.Chaith sé dornán laethanta i gcuideachta na ndeisceabal a bhí sa Damaisc.
20 Agus gan aon mhoill chuaigh sé a fhógairt Íosa sna sionagóga, ag dearbhú, “Is é Mac Dé é.”
21 Agus bhí iontas ar ar chuala é, agus dúirt siad, “Nach é sin an fear a rinne léirscrios in Iarúsailéim ar an dream a ghlaodh ar an ainm sin? Agus is chuige sin a tháinig sé anseo, le hiad a cheangal agus a thabhairt os comhair na n‑ardsagart.”
22 Ach ba mhóide a chuaigh Sáúl i dtreise, agus chuir sé coiscreamh faoi na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa Damaisc ag cruthú gurbh é Íosa an Críost.
23 Nuair a bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart, chuir na Giúdaigh comhcheilg ina suí le bás a imirt air,
24 ach fuair Sáúl fios ar a gcomhcheilg. Bhí garda oíche agus lae ar na geataí, lena mharú;
25 ach ghlac a dheisceabail é san oíche agus lig siad síos thar bhalla na cathrach é, á ísliú i gcliabh.
26 Nuair a shroich sé Iarúsailéim thug sé iarracht ar dhul i gcuideachta na ndeisceabal; ach bhí eagla orthu uile roimhe, ó nár chreid siad gur dheisceabal é.
27 Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa.
28 Mar sin de, bhíodh sé ag teacht agus ag imeacht eatarthu in Iarúsailéim,
29 agus é ag seanmóireacht go dána neamheaglach in ainm Íosa. Agus bhí caint agus conspóid aige le lucht labhartha na Gréigise; ach is é rud, bhí siadsan ag iarraidh é a mharú.
30 Agus nuair a fuair na bráithre fios air sin, thug siad síos leo é go Caesaríá, gur chuir chun bealaigh go Tarsus é.
31 Mar sin ar fud Iúdaea agus Galailí agus Samária bhí síocháin ag an eaglais agus neartaíodh léi; agus chuaigh sí i líonmhaireacht ó bhí a hiompar lán d'ómós do Dhia agus de shólás ón Spiorad Naomh.
32 Anois bhí Peadar ag siúl na n‑áiteanna uile, agus sa tslí dó tháinig sé anuas chuig na naoimh a raibh cónaí orthu i Lidda.
33 Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air.
34 Agus arsa Peadar leis, “A Aenéas, tá Íosa Críost do do leigheas; éirigh agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé ar an móimint.
35 Agus chonaic áitreabhaigh Lidda agus Sheáráin é, agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.
36 Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici.
37 Ach sna laethanta úd tháinig breoiteacht uirthi a thug a bás; agus níodh an corp agus cóiríodh é os cionn cláir i seomra in uachtar an tí.
38 Ó bhí Lidda cóngarach do Ioppa, agus ó chuala na deisceabail go raibh Peadar ansin, chuir siad beirt fhear chuige ag cur impí air, “Tar anuas chugainn gan mhoill ar bith, le do thoil.”
39 D'éirigh Peadar mar sin agus chuaigh sé leo. Agus nuair a shroich sé an áit, tugadh suas chun an tseomra é in uachtar an tí. Agus bhí na baintreacha uile go léir ina seasamh roimhe, agus iad ag sileadh deor, agus ag taispeáint na bhfallaingeacha agus na n‑éadaí a bhí déanta ag Dorcas nuair a bhí sí acu.
40 Ach chuir Peadar iad uile amach as an seomra, agus chuaigh sé ar a ghlúine go ndearna sé urnaí; thug sé aghaidh ar an gcorp ansin agus ar seisean, “A Thabita, éirigh suas.” Agus d'oscail sí a súile, agus nuair a chonaic sí Peadar d'éirigh sí ina suí.
41 Agus shin sé a lámh chuici agus thóg sé í. Ghlaoigh sé ansin isteach ar na naoimh agus na baintreacha gur thaispeáin sé dóibh í ina beatha.
42 Agus ní raibh duine in Ioppa a raibh sin ceilte air, agus chreid mórán sa Tiarna dá thairbhe.
43 Agus d'fhan sé in Ioppa tamall maith de laethanta i dteach súdaire a raibh Síomón mar ainm air.