19 Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.)
20 Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm,‘Bíodh a áitreabh ina fhásach,ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’agus‘Glacadh fear eile a oifig.’
21 Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn,
22 ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.”
23 Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus, .i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias.
24 Agus rinne siad urnaí agus dúirt siad, “A Thiarna, ar léir duit croíthe na ndaoine, nocht dúinn cé acu den dís seo a thogh tú
25 leis an ionad sa mhinistreacht agus san aspaltacht seo a ghlacadh ar chlaon Iúdás uaidh, le dul go dtí an áit ba dhual dó.”