4 Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, d'ordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar
5 bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
6 Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, d'fhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís d'losrael an ríocht a bhíodh aici?”
7 Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo.
8 Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.”
9 Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus d'ardaigh néal leis é as a n‑amharc.
10 Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a d'imigh sé, b'shiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,