21 D'iarr siad rí air ansin; agus thug Dia dóibh Sáúl mac Cis, fear de threibh Bheniamin, i rith daichead bliain.
22 Agus nuair a chuir sé as an riocht é, d'ardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’
23 Is de shliocht an fhir seo a thug Dia an Slánaitheoir, Íosa, chuig Iosrael mar a bhí geallta aige.
24 Sul ar tháinig sé bhí baiste aithrí fógartha ag Eoin do mhuintir Iosrael uile.
25 Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’.
26 A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe.
27 Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, d'fhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air.