24 Sul ar tháinig sé bhí baiste aithrí fógartha ag Eoin do mhuintir Iosrael uile.
25 Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’.
26 A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe.
27 Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, d'fhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air.
28 Siúd is nár fhéad siad aon chúis a thuill an bás a chur ina leith, ina dhiaidh sin d'iarr siad ar Phíoláid a chur chun báis.
29 Agus nuair a chomhlíon siad a raibh scríofa ina thaobh, thug siad anuas den chrann gur chuir ina luí i dtuama é.
30 Ach is amhlaidh a thóg Dia ó mhairbh é;