1 In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh.
2 Ach chuaigh na Giúdaigh neamhchreidmheacha a shéideadh faoi na Gintlithe agus a chothú drochaigne iontu do na bráithre.
3 D'fhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha.
4 Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail.
5 Nuair a bhí na Gintlithe agus na Giúdaigh le chéile agus a lucht ceannais ag cur iaróige ina suí, le drochíde a thabhairt orthu agus clocha a chaitheamh leo,