2 Ach chuaigh na Giúdaigh neamhchreidmheacha a shéideadh faoi na Gintlithe agus a chothú drochaigne iontu do na bráithre.
3 D'fhan siad mar sin tamall fada, ag labhairt go neamhbhalbh ar son an Tiarna, agus é ag tabhairt fianaise ar bhriathar a ghrásta, agus é ag deonú go ndéantaí comharthaí agus iontais lena lámha.
4 Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail.
5 Nuair a bhí na Gintlithe agus na Giúdaigh le chéile agus a lucht ceannais ag cur iaróige ina suí, le drochíde a thabhairt orthu agus clocha a chaitheamh leo,
6 fuair siad leid faoi, agus d'éalaigh siad leo go Listra agus Derbé, cathracha Licaónia, agus an limistéar tíre a bhí ina dtimpeall;
7 agus d'fhógair siad an soiscéal ansin.
8 Anois bhí fear ann i Listra a bhíodh ina shuí gan lúth na gcos aige; a bhí ina chláiríneach ó bhroinn nár shiúil riamh.