23 Agus nuair a bhí cruifreacha oirnithe acu dóibh i ngach eaglais, le hurnai agus le troscadh, d'fhág siad ar choimirce an Tiarna ar chreid siad ann iad.
24 Chuaigh siad ar aghaidh ansin trí Phisidia, gur shroich siad Pamfilia.
25 Agus nuair a bhí an briathar labhartha acu i bPerga, tháinig siad anuas as sin go hAttalía;
26 agus sheol siad as sin go hAntíoc, an áit inar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois críochnaithe acu.
27 Ni luaithe a tháinig siad ansin ná chruinnigh siad an eaglais le chéile agus d'fhoilsigh a ndearna Dia maraon leo féin, agus conas mar a d'oscail sé doras an chreidimh roimh na Gintlithe.
28 Agus d'fhan siad tamall nár ghairid i gcuideachta na ndeisceabal.