8 Anois bhí fear ann i Listra a bhíodh ina shuí gan lúth na gcos aige; a bhí ina chláiríneach ó bhroinn nár shiúil riamh.
9 Bhi seisean ag éisteacht le caint Phóil; agus d'amharc Pól go grinn air, agus nuair a chonaic sé go raibh creideamh a shlánaithe aige,
10 dúirt sé i nglór ard, “Éirigh i do cholg-sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus shiúil sé.
11 Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!”
12 Thug siad Zeús ar Bharnabas, agus Hermés ar Phól, ó ba é an príomhchainteoir é.
13 Agus thug sagart Zeús, a raibh a theampallsan ar aghaidh na cathrach amach, daimh agus bláthfhleasca chun na ngeataí, agus bhí fonn airsean agus ar na daoine íobairt a dhéanamh.
14 Ach ní luaithe a chuala na haspail Pól agus Barnabas faoi sin ná réab siad a mbaill éadaí, agus chuaigh siad de rúideog amach faoin slua, ag ghlaoch os ard agus á rá leo,