14 Tá Síomón tar éis a insint daoibh conas a thaobhaigh Dia na Gintlithe don chéad uair, le pobal a thógáil astu a mbeadh a ainm orthu.
15 Agus tagann briathra na bhfáithe leis sin mar atá scríofa,
16 ‘Fillfidh mé arís ina dhiaidh seo,agus beidh áras cónaí Dháibhí a bhí tite á atógáil agam,agus athchóireoidh mé a fhothracha,agus cuirfidh mé ina sheasamh é,
17 ionas go mbeidh iarraidh ag an gcuid eile den Ádhamhchlann ar an Tiarna,agus na Gintlithe uile a dtugtar m'ainm orthu,
18 tá an Tiarna á rá sin, an té a d'fhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’
19 Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe;
20 ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.