17 ionas go mbeidh iarraidh ag an gcuid eile den Ádhamhchlann ar an Tiarna,agus na Gintlithe uile a dtugtar m'ainm orthu,
18 tá an Tiarna á rá sin, an té a d'fhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’
19 Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe;
20 ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.
21 Mar tá a lucht seanmóireachta ag Maois i ngach cathair riamh anall, ó léitear é gach sabóid sna sionagóga.”
22 Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,
23 agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia.