20 ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.
21 Mar tá a lucht seanmóireachta ag Maois i ngach cathair riamh anall, ó léitear é gach sabóid sna sionagóga.”
22 Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,
23 agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia.
24 Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh,
25 tuigeadh dúinn nár mhiste teacht le chéile agus daoine a thoghadh agus a chur chugaibh i gcuideachta ár ndilchairde Barnabas agus Pól,
26 beirt a chuir a mbeo i gcontúirt ar son ár dTiarna Íosa Críost.