27 Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan.
28 Mar is é a tuigeadh don Spiorad Naomh agus dúinne nár chóir aon tromualach a chur oraibh thar an méid sin a bhfuil riachtanas leis:
29 sibh ag staonadh ónar íobraíodh d'íola agus ó fhuil agus ónar tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht. Is maith a dhéanfaidh sibh ach fanacht amach uathu san. Slán agus beannacht agaibh.”
30 Mar sin cuireadh chun bealaigh iad, agus chuaigh siad síos go hAntíoc; agus chruinnigh siad na daoine le chéile gur thug siad an litir dóibh.
31 Agus nuair a bhí sí léite acu, chuir an t‑aitheasc lúcháir orthu.
32 Agus labhair Iúdás agus Sailas, a bhí ina bhfáithe iad féin, an iomad briathra ag tabhairt misnigh do na bráithre agus neartaigh siad iad.
33 Agus nuair a bhí tamall caite acu, scar siad go síochánta leis na bráithre gur fhill ar an dream a chuir uathu iad.